Back to All Events

Scánnán Kneecap agus Seisiún Gréasánaíochta - Gaillimh

SCANNÁN & ÓCÁID GHRÉASÁNAÍOCHT: Kneecap

Is é scéal an scannáin, KNEECAP, scéal mór na Gaeilge ar na meáin idirnáisiúnta faoi láthair, go háirithe tar éis d’Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann a fhógairt go bhfuil sé á chur chun cinn ar son na hÉireann do ghradaim Oscar 2025 i gcatagóir na bpríomhscannáin.  

Ó tharla go bhfuil oiread sin de bhaill an Gréasáin seo (56%) tógtha leis na scannáin agus le turais phictiúrlainne ní fhéadfaimid gan an deis a thabhairt daoibh an scannán seo a fheiceáil!   

SEISIÚN LÍONRAITHE

Agus an fiú scannán a fheiceáil ar chor ar bith murar féidir linn labhairt faoi? Tar éis an scannáin beidh seisiún plé (dhátheangach) againn ar feadh c. uair an chloig. Beidh painéal de 3 aoichainteoirí againn le tús a chur leis an bplé – aíonna a bheidh ag tabhairt a dtuairimí faoi éifeachtúlacht an scannáin mar scannán; faoin gcúlra polaitiúil ina bhfuil sé suite, faoin léiriú a dhéantar ar Bhéal Feirste sa scannán agus tuilleadh. Beidh deis ag gach duine sa lucht féachana páirt a ghlacadh sa phlé ar ndóigh. Cuirfear sólaistí (gnáth shólaistí pictiúrlainne) ar fáil!

 

AN PAINÉAL

Harry Mac an tSaoi Eagarthóir Polaitíochta leis an Irish Times; Údar; Ranníocóir Polaitiúil ar mheáin éagsúla.

Fionnuala Ní Fhlaithearta Aisteoir (Caitlín in Kneecap)

Cillian Breathnach Bainisteoir Stáisiúin, Raidió Fáilte (Béal Feirste); Craoltóir.

Cláraigh anseo do thicéad - Scannán Kneecap i nGaillimh (ti.to)

Previous
Previous
19 September

Mórócáid Ghréasánaíochta An Fhómhair - Baile Átha Cliath

Next
Next
27 September

Dorn san Aer - Dún na nGall