Féile Dorn san Aer in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí – deis le freastal ar an iliomad Gigeanna, Gníomhaíochtaí Cultúir, Folláine & Áineasa agus a lán eile i gceantar Gaeltachta.
Bí i do cheannródaí agus bí linn ag an gcéad fhéile ‘Dorn San Aer!’
Chuir líon ollmhór ball in iúl dúinn go raibh spéis agaibh freastal ar ghigeanna! Tá súil againn go sásóidh an clár seo fiú na baill is géarchúisí sa Ghréasán Gaeilge - popcheol, snagcheol, func, sean-nós, hip-hop, ceol traidisiúnta, rac-cheoil, reggae, ceol tíre, ska & tuilleadh!
Éist leis na grúpaí ceoil is iomráití atá ar an bhfód inniu, ina measc, Huartan, Grooveline, John Spillane, IMLÉ, Eve Belle, Bréag, Na Fíréin, Emma Ní Fhíoruisce agus a lán eile ag na gigeanna a bheidh ar siúl thar an deireadh seachtaine, súigh isteach an t-atmaisféar ag Cath na mBannaí nó b’fhéidir gur mhaith leatsa a bheith i do réalta tú féin agus a bheith do phríomhaoi ag Dorn San Aer an bhliain seo chugainn?
Cláraigh Anseo do thicéad - DORN SAN AER Foirm chlárúcháin do Thuras Gaeltachta 27 & 28 Meán Fómhair 2024 (office.com)