Léiriú Gearrscannáin ag am lóin - Co. Bhaile Átha Cliath
Beidh muid ag léiriú gearrscannáin ag am lóin. Má tá aon eolas breise uait seol ríomhphost chuig eolas@greasangaeilge.ie. Nasc do thicéid seisiún 1 - Léiriú Gearrscannáin Ag Am Lóin - Seisiún 1
Nasc do thicéid seisiún 2 - Léiriú Gearrscannáin Ag Am Lóin - Seisiún 2
Mórócáid Ghréasánaíochta an Earraigh - Co. Bhaile Átha Cliath
Ar mhaith leat tús spleodrach a chur le Seachtain na Gaeilge? Má ba mhaith, bí linn le neart ceol, bia, craic, comhluadar. Nasc ticéid anseo - Mórócáid Ghréasánaíochta an Earraigh. Tuilleadh eolas ó eolas@greasangaeilge.ie.
CABARET NA NOLLAG Don Earnáil Phoiblí - Co. Bhaile Átha Cliath
Ar mhaith leat tús spleodrach, sultmhar, siamsúil a chur le do shaoire Nollag in éineacht le do chomhghleacaithe san earnáil phoiblí? Bí linn san Óstán Clayton, Bóthar Burlington, Baile Átha Cliath 4 ag 19:00 Déardaoin, 19 Nollaig 2024!
TURAS AMHARCLAINNE & SEISIÚN GRÉASÁNAÍOCHTA
Do na Swifties ar fad sa Ghréasán Gaeilge
Sreang Dhofheicthe: Tionscadal Taylor Swift
Arna léiriú ag IMRAM Irish Language Literature Festival.
Seó fíor-speisialta is ea Sreang Dhofheicthe ina mbeidh rogha d’amhráin ón réalta amhrán clúiteach, Taylor Swift, á léiriú i nGaeilge! Duine de mhórfhilí ár linne, Gabriel Rosenstock, a chuir na leaganacha Gaeilge de na hamháin ar fáil agus beidh siad á gcanadh ag an amhránaí anamúil, ceolmhar, Róisín Seoighe X IMLÉ. Léiriú samhlaíoch, ealaíonta, atá anseo a bheidh á thionlacan le híomhánna de chuid an ealaíontóra, Margaret Lonergan.
Dorn san Aer - Dún na nGall
Féile Dorn san Aer in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí – deis le freastal ar an iliomad Gigeanna, Gníomhaíochtaí Cultúir, Folláine & Áineasa agus a lán eile i gceantar Gaeltachta.
Bí i do cheannródaí agus bí linn ag an gcéad fhéile ‘Dorn San Aer!’
Chuir líon ollmhór ball in iúl dúinn go raibh spéis agaibh freastal ar ghigeanna! Tá súil againn go sásóidh an clár seo fiú na baill is géarchúisí sa Ghréasán Gaeilge - popcheol, snagcheol, func, sean-nós, hip-hop, ceol traidisiúnta, rac-cheoil, reggae, ceol tíre, ska & tuilleadh!
Éist leis na grúpaí ceoil is iomráití atá ar an bhfód inniu, ina measc, Huartan, Grooveline, John Spillane, IMLÉ, Eve Belle, Bréag, Na Fíréin, Emma Ní Fhíoruisce agus a lán eile ag na gigeanna a bheidh ar siúl thar an deireadh seachtaine, súigh isteach an t-atmaisféar ag Cath na mBannaí nó b’fhéidir gur mhaith leatsa a bheith i do réalta tú féin agus a bheith do phríomhaoi ag Dorn San Aer an bhliain seo chugainn?
Cláraigh Anseo do thicéad - DORN SAN AER Foirm chlárúcháin do Thuras Gaeltachta 27 & 28 Meán Fómhair 2024 (office.com)
Scánnán Kneecap agus Seisiún Gréasánaíochta - Gaillimh
SCANNÁN & ÓCÁID GHRÉASÁNAÍOCHT: Kneecap
Is é scéal an scannáin, KNEECAP, scéal mór na Gaeilge ar na meáin idirnáisiúnta faoi láthair, go háirithe tar éis d’Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann a fhógairt go bhfuil sé á chur chun cinn ar son na hÉireann do ghradaim Oscar 2025 i gcatagóir na bpríomhscannáin.
Ó tharla go bhfuil oiread sin de bhaill an Gréasáin seo (56%) tógtha leis na scannáin agus le turais phictiúrlainne ní fhéadfaimid gan an deis a thabhairt daoibh an scannán seo a fheiceáil!
SEISIÚN LÍONRAITHE
Agus an fiú scannán a fheiceáil ar chor ar bith murar féidir linn labhairt faoi? Tar éis an scannáin beidh seisiún plé (dhátheangach) againn ar feadh c. uair an chloig. Beidh painéal de 3 aoichainteoirí againn le tús a chur leis an bplé – aíonna a bheidh ag tabhairt a dtuairimí faoi éifeachtúlacht an scannáin mar scannán; faoin gcúlra polaitiúil ina bhfuil sé suite, faoin léiriú a dhéantar ar Bhéal Feirste sa scannán agus tuilleadh. Beidh deis ag gach duine sa lucht féachana páirt a ghlacadh sa phlé ar ndóigh. Cuirfear sólaistí (gnáth shólaistí pictiúrlainne) ar fáil!
AN PAINÉAL
Harry Mac an tSaoi Eagarthóir Polaitíochta leis an Irish Times; Údar; Ranníocóir Polaitiúil ar mheáin éagsúla.
Fionnuala Ní Fhlaithearta Aisteoir (Caitlín in Kneecap)
Cillian Breathnach Bainisteoir Stáisiúin, Raidió Fáilte (Béal Feirste); Craoltóir.
Cláraigh anseo do thicéad - Scannán Kneecap i nGaillimh (ti.to)

Mórócáid Ghréasánaíochta An Fhómhair - Baile Átha Cliath
Bain sult as Oíche Shóisialta sa phríomhchathair in éineacht le do chomhghleacaithe! Dea-chomhluadar le Gaeilge, bia blasta, ceol den scoth, amhráin bhríomhara (aithneoidh tú na foinn ach beidh na liricí i nGaeilge!), neart damhsa, roinnt cluichí, duaiseanna agus míle ní eile.
Má bhí fonn ort i gcónaí bualadh le daoine eile a bhí ag obair san earnáil chéanna leatsa a raibh fonn orthu Gaeilge a labhairt – seo do dheis iad a aimsiú, seal a chaitheamh ina gcomhluadar, aithne a chur orthu agus, b'fhéidir, socrú a dhéanamh bualadh leo arís...
Cláraigh anseo do thicéad do Mhórócáid Ghréasánaíochta An Fhómhair
Scannán Kneecap agus Seisiún Gréasánaíochta - Baile Átha Cliath
SCANNÁN & ÓCÁID GHRÉASÁNAÍOCHT: Kneecap
Is é scéal an scannáin, KNEECAP, scéal mór na Gaeilge ar na meáin idirnáisiúnta faoi láthair, go háirithe tar éis d’Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann a fhógairt go bhfuil sé á chur chun cinn ar son na hÉireann do ghradaim Oscar 2025 i gcatagóir na bpríomhscannáin.
Ó tharla go bhfuil oiread sin de bhaill an Gréasáin seo (56%) tógtha leis na scannáin agus le turais phictiúrlainne ní fhéadfaimid gan an deis a thabhairt daoibh an scannán seo a fheiceáil!
SEISIÚN LÍONRAITHE
Agus an fiú scannán a fheiceáil ar chor ar bith murar féidir linn labhairt faoi? Tar éis an scannáin beidh seisiún plé (dhátheangach) againn ar feadh c. uair an chloig. Beidh painéal de 3 aoichainteoirí againn le tús a chur leis an bplé – aíonna a bheidh ag tabhairt a dtuairimí faoi éifeachtúlacht an scannáin mar scannán; faoin gcúlra polaitiúil ina bhfuil sé suite, faoin léiriú a dhéantar ar Bhéal Feirste sa scannán agus tuilleadh. Beidh deis ag gach duine sa lucht féachana páirt a ghlacadh sa phlé ar ndóigh. Cuirfear sólaistí (gnáth shólaistí pictiúrlainne) ar fáil!
AN PAINÉAL
Harry Mac an tSaoi Eagarthóir Polaitíochta leis an Irish Times; Údar; Ranníocóir Polaitiúil ar mheáin éagsúla.
Fionnuala Ní Fhlaithearta Aisteoir (Caitlín in Kneecap)
Cillian Breathnach Bainisteoir Stáisiúin, Raidió Fáilte (Béal Feirste); Craoltóir.
Cláraigh anseo do thicéad- Scannán Kneecap i mBaile Átha Cliath (ti.to)
Dia dhaoibh Caitríona is ainm dom is cailín mé atá ina cónaí i nGaillimh