FOLÚNTAIS
TEIDEAL Oifigeach Gréasáin
LÍON FOLÚNTAS 2 (Beirt)
TUARASTAL €35,687 - €58,251 (Beidh an té a cheapfar ag tosú ag pointe 1 den scála)
LÁTHAIR OIBRE Obair Chumaisc
Beidh cruinnithe foirne ar siúl go tráthrialta agus iarrfar ar gach oifigeach freastal ar na cruinnithe seo ar an láthair seachas go fíorúil. Beidh eagrú imeachtaí ina dhlúthchuid den chlár oibre agus mar sin beidh uaireanta oibre oíche agus deireadh seachtaine i gceist.
TRÉIMHSE Conradh 2 bhliain agus gabhann tréimhse promhaidh sé (6) mhí leis.
MAIDIR LINN An mhóraidhm atá ag Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí ná deiseanna a chruthú do na daoine atá fostaithe san Earnáil Phoiblí a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge:
aithne a chur ar chomhghleacaithe fud fad na hearnála;
bualadh leo ag ócáidí rialta Gaeilge/dhátheangacha;
comhluadar le Gaeilge a chothú ina dtimpeallacht oibre; &
leas agus sult a bhaint as deiseanna siamsa, dioscúrsa agus caithimh aimsire trí Ghaeilge.
Tá sé beartaithe 4 mhór-imeacht a reáchtáil in aghaidh na bliana, mar aon le himeachtaí réigiúnacha, sainspéise agus eile a bheidh saor in aisce do bhaill an Ghréasáin.
PRÍOMHFHREAGRACHTAÍ
Clár Ballraíochta an Gréasáin a bhainistiú;
Córais teagmhála agus aiseolais le baill chláraithe a fheidhmiú agus ballraíocht úr a spreagadh;
Sraith imeachtaí sóisialta, siamsa agus áineasa trí Ghaeilge a reáchtáil chun freastal ar bhaill an Ghréasáin Ghaeilge;
Tionscnaimh cairdis agus muintearais a fhorbairt d’fhonn grúpaí sainspéise a thabhairt le chéile faoi bhrat na Gaeilge;
Comhpháirtíochtaí a fhorbairt le hÁisíneachtaí Stáit, Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí & le hinstitiúidí na Earnála Poiblí;
Feasacht a ardú maidir le spriocanna, tairbhí agus imeachtaí Ghréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí;
Nuachtlitreacha, feasacháin ócáideacha agus míreanna eolais i leith imeachtaí Gaeilge in Éirinn agus thar lear a eisiúint go rialta;
Ábhar Poiblíochta agus Feasachta a sholáthar do dhaoine ar mian leo an Ghaeilge a bheith lárnach i ngach ghné dá saol;
Tuairiscí rialta a chur ar fáil maidir le dul chun cinn; &
Dualgais eile de réir mar is gá.
RIACHTANAIS DON PHOST
Sárscileanna eagrúcháin agus cumarsáide;
Sárscileanna idirphearsanta;
Ardchaighdeán scríofa agus labhartha i nGaeilge agus i mBéarla;
Ábalta i mbun iltascála;
A bheith in ann oibriú de réir amspriocanna teanna;
Muiníneach, tiomanta agus ábalta feidhmiú go maith mar bhall d’fhoireann bheag;
Cur chuige cruthaitheach agus spreagúil i mbun oibre.
INMHIANAITHE
Cáilíocht Gnó / Riaracháin / Ríomhaireachta;
Taithí ar chruthú ábhar d’ardáin ilmheáin; &
Taithí ar reáchtáil imeachtaí.
Tá an tionscadal seo á mhaoiniú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta Spóirt & Meán agus á riar ag An tOireachtas.
Fostóir comhionannas is ea An tOireachtas agus is í an Ghaeilge teanga oibre na Ceanneagraíochta.
Seol iarratas mar aon le CV, roimh 15 Bealtaine 2025, chuig: poist@antoireachtas.ie